Tá an teach inár tógadh í mar bhaile saoire ann anois, is le nia di anois an teach. Pósadh í féin agus bhí cónaí uirthi in Devlin. Áit uaigneach a bhí ann ach bhí fear maith aici, chaith sé a shaol ag obair ag an Chomhairle Contae. Bhí daoine thart i gcónaí agus bhí sí breá sásta ansin. Maraíodh a iníon, Nóirín, in 1976 agus ina dhiaidh sin, bhog siad go dtí an Dún Mhór in 1979. Insíonn sí mar a maraíodh a iníon, rith carr eile isteach sa charr a raibh sí mar phaisinéir ann. Maraíodh triúr acu. Is maith le an áit a bhfuil cónaí uirthi anois, tá comharsan iontach mhaith aici. Tá a mac ina chónaí sa teach in Devlin agus téann sí amach go fóill. | 00:05:37 | |